Fios Feasa
Is í aidhm na ceardlainne seo ná tacú le múinteoirí agus ranna Gaeilge na scoláirí a ghríosú chun cumarsáide agus chun machnaimh. Dírítear ar thábhacht an chuir chuige scoláire-lárnaigh agus ar ról an mhachnaimh sa bhfoghlaim teanga, don bhfolláine agus do phróiseas na Measúnuithe Rangbhunaithe (MRB). Dírítear ar thábhacht an chruinnithe don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus Mheasúnú san Ábhar (AFMÁ). Tiocfaidh tú ar na hacmhainní a úsáideadh le linn na ceardlainne thíos.