Gaeilge

Ceardlann FGL 2020/2021


Seo thíos na sleamhnáin den chur i láthair agus na hacmhainní do cheardlann Lá FGL na Gaeilge 2020/2021. 
 

Físeán Treorach, Leabhrán agus PDF Idirghníomhach

Seo chugat leabhrán FGL 2020/2021 mar aon le PDF idirghníomhach. Ba mhór an chabhair duit an leabhrán a ioslódáil agus a chur i gcló chun do nótaí féin a bhreacadh ann agus roinnt ceisteanna machnamhacha a fhiosrú. Tugtar treoir agus forléargas ar na teachtaireachtaí agus na pointí plé i bhfoirm físeáin ghairid freisin.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún 1


Sa seisiún seo beimid ag cur lenár dtuiscint ar thábhacht an aiseolais agus ar na féidearthachtaí bhaineann leis an teicneolaíocht chun aiseolas éifeachtach a thabhairt. Díreoimid ansin ar conas scileanna taighde na scoláirí a fhorbairt. Mar chuid lárnach den seisiúin, roinneann múinteoir amháin a taithí air seo.
 

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún 2


Sa seisiún seo beimid ag cur lenár dtuiscint ar a bhfuil i gceist le Pleanáil Aonaid agus ar conas an fhoghlaim a chur chun cinn go céimneach, ó thaobh pleanála de agus ó thaobh machnaimh de. Tá taifead ar conas an Teimpléad Pleanála Idirghníomhach a úsáid go rathúil ar fáil anseo. Anuas air sin tá dhá thaifead samplacha cruthaithe againn, ceann ar aonad foghlama samplach ar an amhránaíocht agus taifead eile ar aonad foghlama samplach ar an scannánaíocht. Mar chuid lárnach den seisiún tá guth an mhúinteora le cloisteáil.
 

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún 3

Sa seisiún seo beimid ag cur lenár dtuiscint ar ar an gcaoi ar leith ina n-oibríonn an Ghaeilge mar theanga (.i. An Fheasacht Teanga), ar ról na litríochta chun stór saibhris teanga an scoláire a fhorbairt agus ar conas feasacht na scoláirí ar chultúr na Gaeilge agus ar theangacha eile a chur chun cinn. Beimid ag díriú ar thábhacht an chleachtais mhachnamhaigh mar mhúinteoirí chun gur féidir machnamh an scoláire a chur chun cinn.
 

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm