Ceannaireacht

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 20 September 2021


Meán Fómhair 2021

 

Díreofar tacaíocht FGL SSM do cheannairí scoile, sa chéad téarma scoile i mbliana, ar chur i bhfeidhm an Chláir Folláine sa tSraith Shóisearach mar atá leagtha amach sna Treoirlínte Folláine nuashonraithe nua (2021) ar féidir teacht orthu anseo.

 

Beidh an fhoireann ceannaireachta ag cur sraith de cheardlanna ar líne ar fáil i míonna na Samhna agus na Nollag chun cabhrú le ceannairí scoile athbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar a gceannaireacht agus ar a mbainistíocht ar an gClár Folláine ina scoil de réir na dtreoirlínte nuashonraithe.

 

Beidh ceardlanna ar siúl ar Zoom agus beidh siad ar siúl ag 11am agus 2pm gach lá. Eiseofar tuilleadh sonraí faoin gcaoi a gcuirfidh tú d'áit in áirithe sna ceardlanna seo go luath.

 

Idir an dá linn, má tá aon cheist agat maidir le Folláine nó aon réimse eile de chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí, téigh i dteagmháil le Sharon Ryan (Ceannaire Foirne) ag Sharon Ryan