Tacaíocht le Feidhmiú na Sraithe Sóisearaí (TFSS)

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Post Date: 31 May 2023


Socruithe le haghaidh Chur Chun Feidhme an Chreata don tSraith Shóisearach le tagairt ar leith don scoilbhliain 2023/24.

Tagann an ciorclán seo isteach in áit Nóta Faisnéise 11/2022 agus Ciorclán 59/2021. Leagtar amach ann na socruithe lena rialófar anois cur chun feidhme an Chreat don tSraith Shóisearach 2015 le tagairt faoi leith don scoilbhliain 2023/2024.

Post Date: 02 March 2023


Rinneadh taifeadadh ar ár seimineár gréasáin le déanaí, 'Pleanáil Straitéiseach chun PGSS 2022 a Bhronnadh' agus tá sé ar fáil ag an nasc seo 

Post Date: 23 February 2023


 An Phróiseas AFMÁ: Éascú Éifeachtach (Dé Luain 13ú Márta: 16.30-18.00) 

Ceardlann ar líne a chumasóidh éascaitheoirí chun cuspóir agus fiúntas cruinnithe AFMÁ a fhiosrú, tuiscint a fháil ar ról an éascaitheora sa phróiseas AFMÁ agus na tascanna a bhíonn le déanamh ag an éascaitheoir, roimh, le linn agus tar éis an chruinnithe AFMÁ a phlé. Acmhainní agus tacaí eile ar fáil!

 

An Phróiseas AFMÁ: Rannpháirtíocht Éifeachtach (Dé Máirt 14ú Márta: 16.30-18.00) 

Ceardlann ar líne a chumasóidh rannpháirtithe chun cuspóir agus fiúntas cruinnithe AFMÁ a fhiosrú, tuiscint a fháil ar ról an rannpháirtí sa phróiseas AFMÁ, na tascanna a bhíonn le déanamh ag rannpháirtithe roimh, le linn agus tar éis an chruinnithe AFMÁ a phlé, agus ról na nGnéithe Cáilíochta sa Mheasúnú, sa Teagasc agus san Fhoghlaim a chíoradh. Acmhainní agus tacaí eile ar fáil!

                                                              

Post Date: 01 February 2023


Beidh seimineár gréasáin á óstáil ag foireann TFSS a dhíríonn ar an bpróiseas pleanála chun Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí 2022 (PGSS) a bhronnadh ar scoláirí a rinne an tSraith Shóisearach i mí an Mheithimh 2022.

Dáta: Dé Máirt, 7 Feabhra 2023

Am: 7:15-8:15i.n.

Imeacht: Seimineár Gréasáin ar Líne do Mhúinteoirí MRH / Comhordaitheoirí na Sraithe Sóisearaí

Cláraigh trí chliceáil ar an nasc seo.

Post Date: 31 January 2023


Tá na sonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a chruthú do na scoláirí a chur an tSraith Shóisearach i gcrích i 2022 ar fáil anois. Is féidir cliceáil ar an nasc seo le tuilleadh eolais a fháil.

Post Date: 06 January 2023


Is féidir teacht ar Nóta Faisnéise TC 0011/2022, foilsithe ag an Roinn Oideachais trí chliceáil ar an nasc seo. Tugann sé nuashonruithe ar chur i bhfeidhm an Chreata don tSraith Shóisearach go háirithe don scoilbhliain 2022/2023. Tá sé le léamh i gcomhar le Ciorclán 0059/2021 atá ar fáil anseo.

Post Date: 01 June 2022


Chinn an Roinn leanúint, ar bhonn eatramhach, leis na huaireanta acmhainne gairmiúla agus bainistíochta a leithdháileadh don scoilbhliain 2022/23. Tá litir le tuilleadh eolais seolta ón Roinn Oideachais chuig gach scoil. Tá neart áiseanna ar fáil do mhúinteoirí le hUaireanta Acmhainne Bhainistíochta anseo.

Post Date: 30 May 2022


Beidh scoileanna i ndiaidh litir a fháil maidir le sceidealú lá pleanála agus féinmheastóireachta na scoile uile do chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí 2022/2023.

Is é téama cheardlann TFSS na bliana seo chugainn athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Sraithe Sóisearaí in bhur scoil agus réimsí a aithint atá le daingniú agus le forbairt tuilleadh. Tá tuilleadh sonraí faoin gceardlann seo don fhoireann iomlán le fáil i mBróisiúr FGL TFSS. Is é Dé Luain, an 12 Meán Fómhair 2022 an lá is luaithe le haghaidh áirithintí. Téigh i dteagmháil le d'Fhoireann Réigiúnach chun do lá TFSS a chur in áirithe.

Post Date: 30 May 2022


Eisíodh teachtaireacht tábhachtach chuig gach Príomhoide iar-bhunscoile tríd EsiNet maidir leis an Tuairisciú ar Réimsí Foghlama Folláine sa tSraith Shóisearach 2022. Seiceáil do bhosca isteach le haghaidh sonraí.

Post Date: 10 February 2022


D’fhoilsigh an Roinn Oideachais tráthchlár do scrúduithe na Sraithe Sóisearaí 2022. Is féidir teacht ar an tráthchlár trí chliceáil ar an nasc seo nó trí chliceáil ar an íomha thíos.

Post Date: 03 February 2022


Ag teacht sna sála ar chinneadh ón Rialtas, d’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, ar an 1ú Feabhra, go reáchtálfar scrúduithe Sraithe Sóisearaí ar an ngnáthshlí den chéad uair ón mbliain 2019 i leith. Is féidir na socruithe don tSraith Shóisearach a léamh anseo

Post Date: 01 February 2022


Tá an t-eagrán is déanaí de Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní ar fáil le híoslódáil mar PDF nó trí chliceáil ar an nasc seo a leanas:
Nasc don Nuachtlitir don Mhúinteoir Uaireanta Bainistíochta Acmhainní

Post Date: 25 January 2022


Arís, i mbliana, d'fhéadfadh scoileanna lá amháin a ghlacadh i gcomhair phleanáil na Sraithe Sóisearaí don Scoile Uile agus i gcomhair féinmheastóireacht scoile. Tá foireann nua bunaithe ag SSM, ár bhfoireann Tacaíochta le Cur i bhFeidhm na Sraithe Sóisearaí (TFSS), a chuirfidh leis an obair a rinne ár bhfoireann FGL na Scoile Uile roimhe seo trí eispéireas FGL níos saincheaptha a éascú do scoileanna. Beidh an fhoireann seo, a bheas ag feidhmiú i seacht réigiún ar fud na tíre ar fáil le cabhrú le scoileanna . 
Rachaidh TFSS i dteagmháil le scoileanna ar dtús chun cabhrú leo a fháil amach cá bhfuil siad ar thuras feidhmithe na Sraithe Sóisearaí acu. Ansin rachaidh TFSS i mbun próiseas comhdhearadh FGL le scoileanna roimh a lá druidte scoile. Samhlaítear nach n-éascódh TFSS an lá dúnta scoile ar fad. Ina áit sin, d’fhéadfaí nach n-éascódh an SSM ach cuid den lá druidte. I gcásanna den sórt sin cabhróidh TFSS le scoileanna pleanáil don chuid eile dá lá, trína bhféadfaí, mar shampla, leas a bhaint as saineolas na Sraithe Sóisearaí a tógadh le blianta beaga anuas i measc na foirne atá ann cheana féin. Is féidir socrú comh-éascaithe a fhiosrú freisin, trína bhféadfadh SSM agus pearsanra scoile cuid den lá druidte a éascú i gcomhpháirt lena chéile. 

Is féidir le scoileanna ionchur a lae pleanála don scoil uile agus don fhéinmheastóireacht scoile a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh lena gCeannaire Foirne TFSS ábhartha. Déanfaidh foireann TFSS iarracht freastal ar an oiread scoileanna agus is féidir sa chuid eile den scoilbhliain reatha.