Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht an Adhmaid - Ceardlanna FGL 2021/2022

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL Theicneolaíocht Adhmaid 2021/2022. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar inneachar, teachtaireachtaí agus pointí plé na n-ábhar FGL agus tú ag tabhairt fúthu mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair úsáideach do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann i dTeicneolaíocht Adhmaid ar a gcnuaslá FGL 2021/2022, do mhúinteoirí nua-cháilithe, nó do mhúinteoirí atá ag teagasc Teicneolaíocht Adhmaid den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh na hábhair ina ndíol spéise fosta do mhúinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL mar chuid den chnuaslá 2021/2022 acu agus ar mhaith leo dul siar ar na hábhair.

 

Bhí an cheardlann ar siúl thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá. Dá bhrí sin, tá an cur i láthair roinnte againn ina thrí chuid le gur féidir leat tabhairt faoi ar líne. Tá forléargas (i bhfoirm bhlurba) curtha leis seo againn le gach sraith ábhar, ag léiriú croí-inneachar na gCumhachtphointí, na bhfíseán nó na n-ábhar eile. Cuideoidh gach forléargas leat a aithint cad é atá i gceist leis an rannóg nó cén chuid ar mhaith leat dul siar air san am atá ar fáil agat.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama

Is féidir le múinteoirí leagan digiteach den loga foghlama a íoslódáil le húsáid i gcomhar leis an gceardlann FGL. B'fhéidir nár mhiste le múinteoirí cóip chrua den loga foghlama a phriontáil freisin.  

 

Tá an loga foghlama i bhformáid pdf agus tá naisc úsáideacha ann chuig doiciméid, acmhainní agus físeáin eile. Ar an gcúis seo, moltar duit an leagan digiteach in-íoslódáilte a úsáid

Cur i láthair

Tá an Cur i Láthair Cumhachtphointe FGL roinnte ina thrí chuid:  

 

Cuid 1: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar iniúchadh a dhéanamh ar ról chomhpháirteanna an mheasúnaithe dheiridh i dTeicneolaíocht Adhmaid, le béim ar leith ar an scrúdpháipéar scríofa samplach a d'fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) i mí Dheireadh Fómhair 2021. Ghlac múinteoirí páirt i roinnt plé ar an gcaoi a gcabhraíonn measúnú le contanam na foghlama i dTeicneolaíocht Adhmaid.  

 

Cuid 2: Bhí deis ag múinteoirí plé agus machnamh a dhéanamh ar a dtaithí ar phróiseas an AFMÁ i dTeicneolaíocht Adhmaid. Bhí deis ag múinteoirí freisin iniúchadh a dhéanamh ar roinnt de shamplaí CNCM de shaothar scoláirí, go háirithe Measúnú Rangbhunaithe 1: Eolaíocht Adhmaid inár dTimpeallacht, atá ar fáil ar www.curriculumonline.ie.  

 

Cuid 3: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar iniúchadh a dhéanamh ar an bpróiseas cruthaitheach i dTeicneolaíocht Adhmaid. Arís eile, phléigh múinteoirí ról chomhpháirteanna an mheasúnaithe dheiridh i dTeicneolaíocht Adhmaid, an uair seo le béim ar leith ar na Coimrí Dearaidh Tionscadail do 2022. Ghlac múinteoirí páirt i roinnt plé ar an gcaoi a raibh an cur chuige a leagtar amach sa phíosa measúnaithe seo ag teacht le teagasc, foghlaim agus measúnú ina seomraí ranga. Thug an plé deis do mhúinteoirí a gcuid léargas, straitéisí teagaisc agus cleachtais oideolaíocha féin a roinnt lena chéile ó thús go deireadh an tseisiúin.