Teicneolaíochtaí

Grafaic - Ceardlann FGL 2022/2023

Sa rannán seo, tá ábhair na foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn chnuasach FGL 2022/2023. Cabhróidh na hábhair agus na hacmhainní tuilleadh le foghlaim ghairmiúil comhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus leis na múinteoirí sin atá nua nó ag filleadh ar an nGrafaic.

Leabhrán Gníomhaíochta

Fuair múinteoirí atá cláraithe le haghaidh FGL na Grafaice 2022/2023 Leabhrán Gníomhaíochta sa phost chuig a scoileanna roimh an lá a sceidealadh an cheardlann acu. Le linn lá FGL na Grafaice, téann múinteoirí i mbun gníomhaíochtaí praiticiúla atá sa Leabhrán Gníomhaíochta. Rinne an fhoireann Ghrafaice an leabhrán seo a fhorbairt le haghaidh rannpháirtíochta ag múinteoirí le linn na ceardlainne FGL, tá sé ar fáil freisin, áfach, i bhformáid Cumhachtphointe do mhúinteoirí le cur in oiriúint do chomhthéacs a ranga féin.

Cur i láthair

Tá Cur i láthair Cumhachtphointe FGL roinnte ina thrí chuid:

 

Cuid 1 - Déanann múinteoirí machnamh ar an gcaoi a bhfuil siad ag cur i bhfeidhm shonraíocht na Grafaice agus déantar iniúchadh freisin ar fhorbairt scileanna réasúnú spásúil i seomra na Grafaice.

 

Cuid 2 – Déanann múinteoirí iniúchadh ar thorthaí foghlama agus feiceann siad conas is féidir feasacht agus tuiscint ar gheoiméadracht a chur in iúl trí mheáin éagsúla a úsáid.

 

Cuid 3 - Déanann múinteoirí iniúchadh ar chuir chuige oideolaíocha chun tuiscint a fhorbairt ar shaintréithe cruthanna, earraí agus tógálacha geoiméadracha.

Póstaer Idirghníomhach

Cabhraíonn an póstaer idirghníomhach seo le rannpháirtíocht le hábhair na ceardlainne FGL. Tá sé hipearnasctha le doiciméid agus le hacmhainní úsáideacha dá dtagraítear i rith an lae. Bheadh sé seo úsáideach ag múinteoirí mar uirlis nascleanúna chun athchuairt a thabhairt ar chuid d'ábhair na ceardlainne.