Teicneolaíochtaí

Teicneolaíocht Fheidhmeach - Ceardlann FGL 2021/2022

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo ar na hábhair do Lá FGL na Teicneolaíochta Feidhmí 2021/2022. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar inneachar, príomhtheachtaireachtaí agus pointí plé na n-ábhar FGL agus tú ag obair leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcuidiú do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann i dTeicneolaíocht Fheidhmeach ar a gcnuaslá FGL 2021/2022, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Teicneolaíocht Fheidhmeach den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh na hábhair ina ndíol spéise freisin do mhúinteoirí a d’fhreastail ar an gceardlann FGL ina gcnuaslá 2021/2022 agus ar mhaith leo dul siar ar na hábhair.

 

Cé go reáchtáiltear an cheardlann thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá, roinn muid í ina trí chuid níos giorra ionas gur féidir leat tabhairt fúthu ar líne. Tá forléargas (i bhfoirm bhlurba) curtha leis seo againn le gach sraith ábhar, ag léiriú croí-inneachar na gCumhachtphointí, na bhfíseán nó na n-ábhar eile. Cuideoidh gach orléargas leat a aithint cad é atá i gceist leis an rannóg nó cén chuid ar mhaith leat dul siar uirthi san am atá ar fáil agat.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama

Níor mhiste do mhúinteoirí na leaganacha PDF de leabhrán an Loga Fhoghlama a ghabhann leis seo a phriontáil nó a íoslódáil. Tiomsaíodh an leabhrán seo mar chuid de lá FGL na Teicneolaíochta Feidhmí ar líne 2021/2022.

 

Tabhair do d’aire: I rith an lae déanfar tagairt don leabhrán tacaíochta seo agus beidh deilbhín ar an gcúinne ar dheis ar bharr an tsleamhnáin ar an scáileán chun uimhir an leathanaigh a chur in iúl.

Cur i láthair

D'fhonn cabhrú le múinteoirí agus le grúpaí a bheadh ag dul de na hábhair le linn a n-Ama Ghairmiúil, tá an cur i láthair FGL roinnte ina thrí chuid ar leith lena bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin.

 

Cuid 1: Díríonn an chuid seo den chur i láthair ar fhorbairt scileanna, lena n-áirítear Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí, ón gCéad Bhliain. Dírímid go háirithe ar Phríomhscileanna na Cumarsáide agus Eolas agus Smaointeoireachta a Bhainistiú. Éisteann múinteoirí agus déanann siad machnamh ar an gcaoi a n-úsáideann múinteoir ina chomhthéacs féin na Gnéithe Cáilíochta chun cabhrú leis tuairiscín sealadach a bhronnadh mar chuid den phróiseas MRB. Ina dhiaidh sin, déanann múinteoirí meastóireacht ar pháirt a ghlacadh sa phróiseas AFMÁ i gcomhthéacs foghlaim don ábhar agus tuiscint a fhorbairt ar chaighdeáin agus ar ionchais.

 

Cuid 2: Le linn na coda seo den chur i láthair déanann múinteoirí machnamh ar an gcaoi ar féidir leo cabhrú le scoláirí scileanna fadhbréitigh agus acmhainneacht i rialú leictreach a fhorbairt. Glacann siad páirt i bplé faoi chosc lochtanna agus lochtanna a bhrath i rialú leictreach sa seomra Teicneolaíocht Fheidhmeach. Fiosraíonn siad freisin úsáid ilmhéadair in éineacht leis an acmhainn a d’fhorbair JCt4 Réiteach Fadhbanna trí Rialú Leictreach i dTeicneolaíocht Fheidhmeach.

 

Cuid 3: Scrúdaíonn an chuid seo den chur i láthair ról chomhpháirteanna an mheasúnaithe sa Teicneolaíocht Fheidhmeach, le béim ar leith ar na Coimrí don Obair Chúrsa agus ar an bPáipéar Samplach a d'fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) i mí Dheireadh Fómhair 2021. Glacann múinteoirí páirt i roinnt plé ar an gcaoi a gcabhraíonn measúnú le contanam an teagaisc agus na foghlama sa Teicneolaíocht Fheidhmeach.

Acmhainn Fabhtlorgtha Teagaisc agus Foghlama

Le linn a lae FGL, glacann múinteoirí páirt i ngníomhaíochtaí praiticiúla trí úsáid a bhaint as acmhainn Teagaisc agus Foghlama aimsithe lochtanna. D'fhorbair foireann na Teicneolaíochta Feidhmí an acmhainn teagaisc agus foghlama seo mar fhreagra ar riachtanais na múinteoirí. Is é atá san acmhainn seo ilmhéadar, comhpháirteanna leictreonacha éagsúla agus dhá dhoiciméad inphriontáilte: Réiteach Fadhbanna trí Rialú Leictreach i dTeicneolaíocht Fheidhmeach agus Ag Ullmhú do do Lá FGL i dTeicneolaíocht Fheidhmeach 2021_2022. Tá na hacmhainní seo ar fáil thíos le híoslódáil i bhformáid PDF.

Leabharlann Acmhainní na Teicneolaíochta Feidhmí

Sa chuid dheireanach dá gceardlann FGL, fiosraíonn múinteoirí Leabharlann Acmhainní na Teicneolaíochta Feidhmí. Tá an leabharlann acmhainní seo deartha chun ailíniú le réasúnaíocht, aidhmeanna agus torthaí foghlama shonraíocht na Teicneolaíochta Feidhmí. San acmhainn seo tá naisc chuig réimse leathan straitéisí agus gníomhaíochtaí a bheadh oiriúnach chun príomhfhoghlaim a ghníomhachtú thar shnáitheanna agus thar ghnéithe shonraíocht na Teicneolaíochta Feidhmí. Eagraíodh iad seo faoi ocht dtéama a tháinig ó réasúnaíocht agus aidhmeanna na Teicneolaíochta Feidhmí.