Measúnú - Teicneolaíocht Fheidhmeach
Tá eolas sa rannán seo a bhaineann le measúnú leanúnach ar Theicneolaíocht Fheidhmeach na Sraithe Sóisearaí.
Tríd an déchur chuige i leith an mheasúnaithe, ina mbíonn measúnú rangbhunaithe thar na trí bliana agus scrúdú deiridh a mheastar go seachtrach, agus atá stát-teistithe, is féidir an chothromaíocht chuí a aimsiú idir scoláirí a ullmhú i gcomhair scrúduithe agus smaointeoireacht chruthaitheach, foghlaim ghníomhach agus torthaí níos fearr a chur ar fáil do scoláirí. Tríd an gcur chuige sin tabharfar aitheantas agus meas do na cineálacha éagsúla foghlama a tharlaíonn i scoileanna agus beifear in ann measúnú níos cruinne a dhéanamh ar éachtaí oideachais gach duine óig.
Gheobhaidh tú na Treoirlínte do na Measúnuithe Rangbhunaithe sa Teicneolaíocht Fheidhmeach sa rannán ar na Príomhdhoiciméid.
-
MRB 1: Córais rialaithe a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs áitiúil a fhiosrú arrow_drop_down
-
MRB 2: Féin-anailís agus measúnú an scoláire arrow_drop_down
-
Acmhainní don Chruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ) arrow_drop_down