Gach bliain reáchtáiltear Lá na hEorpa ar an 9 Bealtaine chun saoirse, síocháin agus dlúthpháirtíocht na hEorpa a cheiliúradh.
Tá an Ceol tábhachtach mar chatalaíoch chun caipiteal cultúrtha a fhorbairt sa scoláire aonair agus sa rang le chéile. Trí bheith bainteach le réimse gníomhaíochtaí ceoil agus páirt a ghlacadh iontu,
is féidir linn a chinntiú go leanfaimid le saoránaigh a fhorbairt amach anseo a bheidh páirteach
ó thaobh cultúir de, feasach ó thaobh cultúir de agus ceangailte ó thaobh cultúir de. Nuair a bhíonn an scoláire feasach ó thaobh cultúir de méadaíonn a thuiscint ar fhéiniúlachtaí cultúrtha náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Agus daonra atá ag éirí níos éagsúla agus níos iolraíche ann anois, spreagfaidh an tuiscint seo ar dhaoine eile trí lionsa cultúrtha an scoláire le forbairt mar shaoránaigh fhreagracha agus eiticiúla.