Na hAmharc-ealaíona

Ceardlann FGL 2022/2023

Tá na hábhair foghlama gairmiúla agus na hacmhainní tacaíochta a úsáideadh le linn FGL 2022/2023 le fáil sa chuid seo. Tacóidh na hábhair agus na hacmhainní le foghlaim ghairmiúil na gcomhghleacaithe ag leibhéal na scoile, agus na múinteoirí sin atá nua nó atá ag filleadh ar an ábhar. 

Ábhair agus Acmhainní- Seisiún 1

Scrúdaíonn Seisiún 1 luach agus cuspóir na foghlama trí Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí. Toisc go mbíonn deiseanna le haghaidh plé agus machnaimh le linn an tseisiúin seo, b’fhéidir gur fiú na ceisteanna a chuirtear a bhreithniú le comhghleacaí. 

Ábhair agus Acmhainní- Seisiún 2

Le linn seisiún 2, tá Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí á meas mar chuid de chontanam foghlama. Déantar iniúchadh freisin ar an bhfoghlaim a bhíonn ag scoláirí le linn Measúnuithe Rangbhunaithe. Arís, b’fhéidir go mbeadh sé tairbheach na gníomhaíochtaí agus na ceisteanna a chuirtear sa seisiún seo a phlé le comhghleacaí.

Ábhair agus Acmhainní- Seisiún 3

Le linn sheisiún 3, breathnaítear ar bhealaí le bheith ag obair le chéile do chruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMA), agus scrúdaítear comhrá gairmiúil bunaithe ar phróiseas cruinnithe  AFMA. Tá fócas an chomhrá seo ar fhoghlaim ábhair a aithint laistigh d’obair na mac léinn, agus ag an am céanna deiseanna foghlama gairmiúla a aithint do mhúinteoirí. Arís, b’fhéidir gur fiú na gníomhaíochtaí agus na ceisteanna a chuirtear sa rannán seo a bhreithniú le comhghleacaí.