Gearrchúrsaí

Measúnú Rangbhunaithe

Tá na príomhtheachtaireachtaí maidir le measúnú ar fáil ó lch. 36-7 den Chreat don tSraith Shóisearach.

 - Is i réimse an mheasúnaithe atá an t-athrú is suntasaí sa tSraith Shóisearach nua
 - Go bunúsach, is é an cuspóir le measúnú agus tuairisciú ag an gcéim seo den oideachas ná tacú leis an bhfoghlaim
 - Beidh measúnú foirmitheach comhlánaithe ag measúnú suimitheach, mar shaintréith ag an tSraith Shóisearach nua
 - Beidh raon cur chuige i leith an mheasúnaithe i gceist chun an fhoghlaim a chomhlánú
        - Measúnuithe leanúnacha, ar a n-áirítear tascanna agus trialacha gnáthúla múinteoir-dheartha
        - Tasc Measúnachta Rangbhunaithe nó dhó i ngearrchúrsaí.

Chomh maith le sin, tá na príomhtheachtaireachtaí maidir le tuairisciú ar fáil ó lch.44-7 den Chreat don tSraith Shóisearach

 - Cuideoidh an cur chuige i leith an tuairiscithe le scoláirí trí rianú a dhéanamh ar an ndul chun cinn atá agus thí pháirt ghníomhach a  bheith acu agus ag a tuismitheoirí/gcaomhnóirí sa mhachnamh agus sa phlé ar dhul chun cinn san fhoghlaim
 - Léireofar meas ar bhreithmheas an mhúinteora agus beidh nasc soiléir le foghlaim, le teagasc agus le haiseolais cuidtheach a tharla sna ranganna
 - Déanfaidh múinteoirí na scoláirí, na gearrchúrsaí a mheas agus tuairisceofar orthu, do scoláirí agus do thuismitheoirí/chaomhnóirí, i gcaitheamh na  sraithe sóisearaí agus ar PGSS