Eolaíocht

Ceardlann FGL 2022/2023

Leabhrán

B'fhéidir gur mhaith le múinteoirí an leabhrán a ghabhann leis a phriontáil nó a íoslódáil roimh an imeacht FGL cnuasaigh ar líne.

Seisiún a hAon: Measúnú mar chuid lárnach den ghnáth-theagasc agus den fhoghlaim laethúiland

Déantar iniúchadh sa rannóg seo ar úsáid ceistiú éifeachtach chun cabhrú le teagasc, foghlaim agus measúnú.

Seisiún a dó: Cleachtais i measúnú foirmitheach a thugann tacaíocht, rochtain agus dúshlán do gach foghlaimeoir

Déantar iniúchadh breise sa rannóg seo ar an nasc idir eolas, tuiscint agus scileanna a fhorbairt agus a mheas trí cheithre straitéis a thugann tacaíocht, rochtain agus dúshlán do gach foghlaimeoir. Forbraítear measúnuithe ansin timpeall DC10 agus tá deis ann i gcomhair comhoibriú sa roinn ábhair.

Seisiún a trí: Fiosrúchán mar chur chuige chun tacú le cleachtas cuimsitheach

Scrúdaítear sa rannóg seo fiosrúchán mar thaca do gach scoláire, lena n-áirítear scoláirí a bhíonn ag plé le CFL2nna. Tugann an seisiún deis freisin do chomhoibriú na roinne ábhair.