Ceardlann FGL 2022/2023
Is féidir teacht ar ábhair ghairmiúla fhoghlama agus ar na tacaí ábhartha a cuireadh ar fáil sna ceardlanna FGL a soláthraíodh sa scoilbhliain 2022/2023 sa rannóg seo. Bainfear tuilleadh leasa astu chun tacú le comhghleacaithe i gcomhthéacs scoile agus leo siúd atá ag tabhairt faoin ábhar a mhúineadh den chéad uair nó leo siúd ag filleadh ar an ábhar a theagasc.
Leabhrán
B'fhéidir gur mhaith le múinteoirí an leabhrán a ghabhann leis a phriontáil nó a íoslódáil roimh an imeacht FGL cnuasaigh ar líne.Tá dhá leagan den leabhrán curtha ar fáil san alt seo.
Le haghaidh cóip chrua den leabhrán moltar an leagan PDF den leabhrán a phriontáil.
Le haghaidh cóip dhigiteach den leabhrán moltar an leagan Word den leabhrán a íoslódái.
Cur i Láthair
An Scoláire a chur i Lár na Foghlama trí Rochtain & Dúshlán
Sa rannóg seo gheobhaidh tú ábhar agus acmhainní FGL a chabhraíonn le múinteoirí agus iad ag smaoineamh ar Fhoghlaim Scoláire-lárnach agus ar Rochtain, Dúshlán agus Síneadh.
Scrúdaítear sa seisiún cuir chuige éagsúla maidir le hoiriúnú agus modhnú tascanna a úsáideann múinteoirí chun cabhrú lena scoláirí.
Don seisiún seo níor mhiste do mhúinteoirí breathnú ar na hacmhainní atá le fáil anseo, a chuir múinteoir san Oirthear ar fáil, chun cur chuige a mheas maidir le hoiriúnú tasc.
An Snáithe Aontaithe
Déantar iniúchadh sa seisiún seo ar nascacht laistigh de gach snáithe den tsonraíocht agus idir eatarthu. Is deis freisin é do ranna ábhair a bheith ag comhoibriú.
Comhoibriú Gairmiúil chun Eispéiris Foghlama na Scoláirí a Roghnú & a Fhorbairt
Tugann an seisiún seo deis do mhúinteoirí comhoibriú trí thascanna matamaitice a fhoinsiú agus a roinnt agus iad ag smaoineamh ar an gcaoi a gcabhraíonn siad le scoláirí tabhairt faoi thascanna roghnaithe.
Tugann an seisiún deis freisin do chomhoibriú laistigh den roinn ábhair.