Ceardlanna FGL - Ceardlanna Roghnacha
Cuirtear ceardlanna roghnacha FGL ar fáil mar thacaíochtai sa bhreis do mhúinteoirí.
Cliceáil ar gach barra teidil chun acmhainní a fheiceáil.
-
Seimineáir Ghreasáin do Mhúinteoirí Mata arrow_drop_down
Desmos do Mhatamaitic na Sraithe Sóisearaí: DESMOS a úsáid chun Foghlaim scoláirí a Dhoimhniú
Is é cuspóir an tseimineáir ghréasáin seo blaiseadh a thabhairt ar Desmos mar uirlis chun matamaitic a theagasc agus a fhoghlaim.
Is clár bogearraí dinimiciúil é Desmos do gach leibhéal oideachais a thugann le chéile sraith d'uirlisí bogearraí matamaitice saor in aisce, lena n-áirítear Áireamhán Grafta agus Uirlis Gheoiméadrachta. Tá tuilleadh ábhair thacaíochta do Desmos ar fáil ar an rannán Acmhainní dár suíomh Gréasáin.Cineál comhaid: YouTubeCliceáil ar an íomhá chun seinmCeistiú do Mheasúnú Rangbhunaithe 1: Imscrúdú Matamaiticiúil
Sa seimineár gréasáin seo tá painéal múinteoirí in éineacht linn a roinneann a gcuid taithí, agus an chomhairle a thugann siad, ar chabhrú le scoláirí a mbíonn measúnú rangbhunaithe acu. Tosaíonn an seimineár gréasáin le blaiseadh de roinnt de na straitéisí le haghaidh ceistiúcháin agus foirmliú fadhbanna ón FGL idirghníomhach atá le fáil anseo.
Mar chuid de phlé an phainéil áirítear: pleanáil mar roinn le haghaidh ceistiúcháin, cabhrú le scoláirí ceisteanna a chur agus, ceisteanna a fhorbairt agus a bheachtú lena n-imscrúdú i gcuideachta na scoláirí.
Ag tumadh isteach in Desmos leis an Dr. Dan Meyer
Lonnaithe i gCalifornia, is é an Dr. Dan Meyer an Príomhoifigeach Acadúil le Desmos. Is sraith de bhogearraí matamaitice saor in aisce do scoláirí é Desmos, atá ar fáil ag desmos.com.
Le linn na ceardlainne seo, pléann Dan an t-idirghníomhú idir oideolaíocht agus teicneolaíochtaí na foghlama digití sa mhatamaitic.CODAP mar Uirlis chun Matamaitic a Theagasc agus a Fhoghlaim
Is é cuspóir an tseimineáir ghréasáin seo seisiún tosaigh a thabhairt do CODAP mar uirlis chun matamaitic a theagasc agus a fhoghlaim. Is bogearraí oideachais foinse oscailte saor in aisce é CODAP le haghaidh anailís sonraí.
Dhírigh an seimineár gréasáin ar dhá réimse tacaíochta:
1. Iniúchadh ar úsáid tacar sonraí ar CODAP, idir fhoinsithe agus bhailithe
2. Iniúchadh ar chuid de na feidhmeanna atá ar fáil ar CODAP
Breis ábhair thacaíochta do CODAP ar fáil ar ár suíomh gréasáin sa rannán Acmhainní.Cineál comhaid: YouTubeCliceáil ar an íomhá chun seinmAg ullmhú do Mheasúnú Rangbhunaithe 2: Imscrúdú Staitisticiúil agus an Cruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair
Is é cuspóir an tseimineáir ghréasáin seo roinnt tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí matamaitice atá ag ullmhú do Mheasúnú Rangbhunaithe 2: Imscrúdú Staitisticiúil agus an Cruinniú Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair.
Tugtar an seimineár gréasáin ina thrí chuid:
1. Teagasc Foghlaim agus Teanga na Staitisticí
2. Measúnú Rangbhunaithe 2 Aiseolas Múnlaitheach
3. Nósanna imeachta do Mhúinteoirí roimh, le linn agus tar éis MRB 2
Tá doiciméid tacaíochta a luadh sa seimineár gréasáin ar fáil ar ár suíomh gréasáin faoi Phríomhdhoiciméid, Measúnú agus Acmhainní.Roghnú Tasc agus Réiteach Fadhbanna sa Mhatamaitic
Sa seimineár gréasáin seo pléann an Dr. Pádraig Mac Seáin (Ollscoil Luimnigh) critéir roghnúcháin le haghaidh tascanna agus gníomhaíochtaí matamaiticiúla a chuireann le cumas na scoláirí fadhbanna a réiteach.
Matamaitic agus A bheith Cruthaitheach
Matamaitic agus A bheith Cruthaitheach Is é fócas an tseimineáir ghréasáin seo plé idirghníomhach maidir le cruthaitheacht sa mhatamaitic, i seomraí matamaitice agus sa teagasc.
Bhí trí phointe plé ann don seimineár gréasáin:
1. Cén chuma a d'fhéadfadh a bheith ar chruthaitheacht sa seomra ranga?
2. Dearcthaí ar an gCruthaitheacht a roinnt agus a phlé.
3. Cruthaitheacht a chothú sa seomra ranga.
Gabhaimid buíochas leis na múinteoirí go léir a chuir leis an bplé ar an oíche agus as a gcuid tuairimí, ceisteanna agus pointí plé féin a chuir siad chugainn trí théacs agus gabhaimid buíochas fosta leis na rannpháirtithe go léir a bhí sásta cur leis an bplé beo ar an aer.
Pleanáil don Teagasc, Foghlaim agus Measúnú: Cur Chuige Scoile Amháin
Forbraíodh na hacmhainní sa chuid seo dár ngréasán 'Pleanáil don Teagasc, Foghlaim agus Measúnú: Cur Chuige Scoile Amháin’.
Molaimid duit féachaint ar an seimineár gréasáin, atá ar fáil ar an leathanach seo, chun a fháil amach conas a forbraíodh na hacmhainní agus a n-acmhainneacht le haghaidh oiriúnaithe do chomhthéacs do scoile féin.
Gabhaimid buíochas le foireann Iar-bhunscoil Ag Foghlaim le Chéile Chill Mhantáin as an méid a chuir siad leis na tacaí seo do mhúinteoirí.
Ag Ullmhú do Mheasúnú Rangbhunaithe 1: Iniúchadh Matamaitice & Cruinnithe Athbhreithnithe ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ)
Ag Cabhrú le Foghlaim Dhomhain i Seomra na Matamaitice
Pleanáil don teagasc agus don fhoghlaim
Ag Baint Úsáid as Sonraíocht an Mata
Acmhainní
Ailgéabar Trí Lionsa na bhFeidhmeanna
-
Podchraoltaí arrow_drop_down
-
Ceardlann Éascaithe AFMÁ arrow_drop_down
Dearadh an cheardlann seo chun cabhrú le héascaitheoirí AFMÁ gach ábhair. Is é aidhm na ceardlainne seo cur le scileanna éascaithe an mhúinteora, bunphrionsabail phróiseas AFMÁ a thuiscint agus cabhrú leo próiseas AFMÁ a ullmhú, a chur i bhfeidhm agus machnamh a dhéanamh air.
-
Siompóisiam 2018/2019 arrow_drop_down
Foghlaim Dhigiteach i Seomra Ranga na Matamaitice
Meastóireacht a dhéanamh ar éileamh cognaíoch tascanna matamaitice