Stair

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 22 March 2022


Tá ríméad ar lucht Staire SSM ár seimineár gréasáin atá le teacht a fhógairt "Cartlanna agus Taispeántais Dhigiteacha a Thaighde" ina ndírítear go háirithe ar Thairseach Foghlama Reilig Ghlas Naíon agus ar Dhoiciméid ar Pholasaí Eachtrach na hÉireann. Beidh an seimineár gréasáin seo ar siúl Déardaoin 24 Márta ó 7 - 8 i.n.  Is féidir clárú anois tríd an nasc anseo

Dáta a Postáladh: 22 March 2022


Tá bród ar lucht Staire SSM " An Oidhreacht Thógtha a Thaighde" a chur i láthair Dé Máirt 5 Aibreán ó 8 - 9 i.n. mar chuid d'Imeacht Foghlama SSM Earrach 2022 ar Líne.  Tá tuilleadh eolais agus nasc chuig clárú ar fáil ar chlár iomlán na n-imeachtaí atá ar fáil anseo.

Dáta a Postáladh: 28 January 2022


Tá an-áthas ar Stair SSM i gcomhar le ITOÉ dhá imeacht atá le teacht a fhógairt - MRB 2 Staire na Sraithe Sóisearaí: Saol i dTreimhse Ama le Denise Nolan agus le Brianán McGrane, Comhlaigh Staire leis an SSM. Cabhróidh na seimineáir ghréasáin seo le rannpháirtithe agus iad ag ullmhú do MRB 2, ag tabhairt faoi MRB 2 agus ag cinneadh tuairiscíní do MRB 2 le fócas ar phróiseas atá scoláire-lárnach. Is féidir mionsonraí agus sonraí clárúcháin a fháil ag www.esci.ie

Dáta a Postáladh: 13 February 2020


Beidh Seimineár Gréasáin ar siúl Dé Luain 23ú Márta 2020. Is féidir clárú ag an nasc thíos- 

https://attendee.gotowebinar.com/register/2930725558896402701 

Dáta a Postáladh: 13 October 2017


Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair le haghaidh FGL na bliana seo don Stair. Déan cinnte go bhfuil do chuid sonraí cláraithe linn. Is féidir le scoileanna sonraí múinteoirí a chlárú le haghaidh FGL sainiúil don ábhar anseo.

 

Tá Foireann na Staire ag súil leis an deis a bheith ag comhoibriú libh i rith na bliana!