Tíreolaíocht

Ceardlann FGL 2021/2022

Sa chuid seo gheobhaidh tú ábhair agus acmhainní chun cabhrú le rannpháirtíocht lenár lá FGL ábhair 2021/22.

Ár gcuid Scolairí a Chumhachtú mar Thíreolaithe

Is é téama an lae ná ár Scoláirí a Chumhachtú mar Thíreolaithe.


Is féidir an leabhrán acmhainní agus na sleamhnáin tosaigh a íoslódáil sula bhfreastalóidh tú ar ár Lá FGL.


Chun go mbeidh an leabhrán acmhainní idirghníomhach agus inchurtha in eagar, ní mór é a íoslódáil agus a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word.

  • ScéalMhapa Idirghníomhach Sneaiceanna Tayto arrow_drop_down

    Le haghaidh seisiún a haon bain úsáid as an gcnaipe "Cliceáil chun breathnú" chun ScéalMhapa Shneaiceanna Tayto a oscailt.
    Dearadh an Scéalmhapa seo chun cur chuige neamhlíneach a léiriú maidir le teagasc, foghlaim agus measúnú agus taispeánann sé samplaí den chaoi a dtugtar isteach na Gnéithe agus an Fheasacht Tíreolaíochta.
    Áirítear leis an ScéalMhapa:

          - Léarscáileanna idirghníomhacha
         - Bileoga eolais, teimpléid agus naisc ghréasáin
          - Físeáin aiseolais do scoláirí agus do mhúinteoirí

  • Seomra Fíorúil Idirghníomhach MRB2 "Mo Thíreolaíocht" arrow_drop_down

    Le haghaidh seisiún a dó bain úsáid as an gcnaipe "Cliceáil le breathnú" chun Seomra Fíorúil MRB 2 a oscailt. 
    Treoróidh an seomra fíorúil na múinteoirí trí eispéireas MRB 2. 
    Áirítear sa seomra fíorúil:

          - Tacaí chun MRB 2 a phleanáil
          - Treoir trí phróiseas an fhiosrúcháin stuchtúrtha
          - Samplaí de rannphairtíocht na scoláirí