Tacaí Breise Curaclaim don Chlár Folláine

Measúnú agus Tuairisciú

  • Measúnú agus Tuairisciú sa tSraith Shóisearach arrow_drop_down

    Tá na príomhtheachtaireachtaí maidir le measúnú ar fáil ó lch. 36-7 den Chreat don tSraith Shóisearach.

     - Is i réimse an mheasúnaithe atá an t-athrú is suntasaí sa tSraith Shóisearach nua
     - Go bunúsach, is é an cuspóir le measúnú agus tuairisciú ag an gcéim seo den oideachas ná tacú leis an bhfoghlaim
     - Beidh measúnú foirmitheach comhlánaithe ag measúnú suimitheach, mar shaintréith ag an tSraith Shóisearach nua
     - Beidh raon cur chuige i leith an mheasúnaithe i gceist chun an fhoghlaim a chomhlánú
            - Measúnuithe leanúnacha, ar a n-áirítear tascanna agus trialacha gnáthúla múinteoir-dheartha
            - Tasc Measúnachta Rangbhunaithe nó dhó i ngearrchúrsaí.

    Chomh maith le sin, tá na príomhtheachtaireachtaí maidir le tuairisciú ar fáil ó lch.44-7 den Chreat don tSraith Shóisearach

     - Cuideoidh an cur chuige i leith an tuairiscithe le scoláirí trí rianú a dhéanamh ar an ndul chun cinn atá agus thí pháirt ghníomhach a  bheith acu agus ag a tuismitheoirí/gcaomhnóirí sa mhachnamh agus sa phlé ar dhul chun cinn san fhoghlaim
     - Léireofar meas ar bhreithmheas an mhúinteora agus beidh nasc soiléir le foghlaim, le teagasc agus le haiseolais cuidtheach a tharla sna ranganna
     - Déanfaidh múinteoirí na scoláirí, na gearrchúrsaí a mheas agus tuairisceofar orthu, do scoláirí agus do thuismitheoirí/chaomhnóirí, i gcaitheamh na  sraithe sóisearaí agus ar PGSS

  • Measúnú Foirmitheach arrow_drop_down

    Is éard atá i measúnú foirmitheach an próiseas chun fianaise a lorg agus a léirmhíniú le húsáid ag foghlaimeoirí agus a gcuid múinteoirí chun cinneadh a dhéanamh cá bhfuil na foghlaimeoirí ina gcuid foghlama, cá gcaithfidh siad dul agus an bealach is fearr le dul ann. (Grúpa Athchóirithe Measúnachta, 2002)

    Díriú ar an bhFoghlaim, a d'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, ar fáil do mhúinteoirí. Ag tacú le cur chuige don scoil uile i leith forbairt ghairmiúil agus forbairt acmhainne trí chleachtas measúnaithe éifeachtaigh agus leanúnaigh a fhorbairt a chabhraíonn le foghlaim an scoláire.Ceapadh na ceardlanna le go bhféadfaí iad a úsáid ar dhóigh sholúbtha thart ar chúig thopaic:

     - Rúin foghlama agus critéir ratha
     - Ceistiú éifeachtach
     - Aiseolas foirmitheach
     - An scoláire ag machnamh ar a chuid foghlama
     - Torthaí Foghlama

  • Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ) arrow_drop_down

    Cuireann cruinnithe don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair ar chumas múinteoirí comhleanúnachas a bhaint amach ar bhonn comhoibríoch ina mbreithiúnais ar obair an scoláire i gcoinne Gnéithe Cáilíochta coiteanna, a leagtar síos go seachtrach.

    Tá an doiciméad Treoir maidir leis an bPróiseas don Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair, a d'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, an chabhrach, mar soláthraíonn siad treoir maidir le...

     - achroimre
     - treoir an Éascaitheora
     - roimh an gcruinniú
     - i rith an chruinnithe
     - i ndiaidh an chruinnithe