Baill Foirne
Is é Stiúrthóir an FGL don tSraith Shóisearach, an Dr. Pádraig Kirk, atá i gceannas ar an tseirbhís tacaíochta.
Faigheann an Stiúrthóir tacaíocht ó fhoireann shinsearach bhainistíochta ar a bhfuil beirt leas-stiúrthóirí agus Bainisteoir AD agus Oibríochtaí. Tá duine de na Leas-Stiúrthóirí freagrach as FGL bainteach le Tacaíocht don Scoil Uile, Ceannaireacht Scoile, CFL2 agus Gearrchúrsaí, agus tá an duine eile freagrach as FGL na nÁbhar. Tá ár mBainisteoir AD agus Oibríochtaí freagrach as gach ceist foirne san eagraíocht, chomh maith le sceidealú FGL ar bhonn náisiúnta.
Tá tacaíocht ag an bhfoireann Shinsearach Bhainistíochta ina gcuid oibre ó chohórt Ceannairí Foirne, ar a bhfuil ceann foirne do gach réimse ábhair, foireann d’ochtar Ceannairí Foirne Réigiúnacha atá freagrach as soláthar FGL don Scoil Uile, chomh maith le ceannaire foirne le haghaidh Cláir Foghlama Leibhéal 2. Tá foirne de Chomhairleoirí lánaimseartha in áit ar fud sé réigiún na n-ionad oideachais, a fhorbraíonn agus a sholáthraíonn do mhúinteoirí FGL lárnach agus roghnach araon. Déantar foirne comhairleoirí a earcú de réir mar a thugtar ábhair isteach sna céimeanna feidhmiúcháin den Chreat ata fós le teacht.
Tá foireann mhór Chomhaltaí páirtaimseartha ann freisin a bhíonn ag obair tríd an tír, mar shampla, príomhoidí agus leas-phríomhoidí gníomhacha a fhorbraíonn agus a thugann FGL do cheannairí scoile, chomh maith le múinteoirí ábhar a chabhraíonn leis an gclár leathan FGL sainiúil don ábhar a sholáthar. Faigheann ár gcuid comhairleoirí agus comhaltaí cabhair freisin ó líon beag Éascaitheoirí Áitiúla chun saintacaíocht FGL a sholáthar i bpríomhréimsí nuair a bhíonn gá leis.
Bainistíocht
Tacaíocht le Feidhmiú na Sraithe Sóisearaí (TFSS)




















Foireann Cheannaireachta


Foireann na Folláine





Foireann na CFL1anna/CFL2anna






Na hEalaíona sa tSraith Shóisearach





ETI(E)M sa tSraith Shóisearach
Taighde agus DC
Foireann an Bhéarla









Foireann na hEolaíochta






Foireann an Staidéir Ghnó




Foireann na Nuatheangacha Iasachta




Foireann na nAmharc-Ealaíon




Foireann na Gaeilge






Foireann an Mhata







Foireann an Cheoil





Foireann na Tíreolaíochta





Foireann na Staire






Foireann na hEacnamaíochta Baile




Foireann na Teicneolaíochtaí











Foireann an Oideachais Reiligiúnaigh




Léann Clasaiceach

