Staidéar Gnó

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 19 April 2023


Tá lúcháir ar Fhoireann Staidéar Gnó SSM a fhógairt go bhfuil imeacht roghnach ar líne á reáchtáil againn Dé Máirt seo chugainn, an 25 Aibreán 2023, dar teideal 'Inbhuanaitheacht i Seomra an Staidéir Ghnó' ag tosú ag 7in. Beidh an ócáid seo á héascú ag Lizzie Noone, World Wise Global Schools & ag Rachel McEntee, múinteoir Staidéar Gnó ó Choláiste Pobail Naomh Oilibhéar, Droichead Átha. Le clárú don imeacht seo cliceáil ar: https://buff.ly/3A3p6Fx

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 27 February 2023


Reáchtálfaidh foireann Staidéar Gnó SSM cur i láthair ceardlainne ar líne 'Cuir chuige a bhreithniú chun tacú le léiriú Chláir Foghlama Leibhéal 2 sa Staidéar Gnó'. Beidh an cheardlann seo ar siúl Dé Luain 27 Márta 2023 ó 8-9 in agus fiosrófar inti tacaí do scoláirí a bhíonn ag dul de chlár  foghlama leibhéal a dó laistigh de sheomra ranga an Staidéir Ghnó.  Chun clárú don imeacht seo cliceáil anseo

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 20 February 2023


Reáchtálfaidh foireann Staidéar Gnó SSM cur i láthair ceardlainne ar líne ‘Ag iniúchadh Bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach' le haoichainteoirí lena n-áirítear Billy Kelleher BPE agus Patrick O'Riordan ó Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLO). Beidh an cheardlann seo ar siúl Déardaoin 23 Feabhra 2023 ó 7-8 i.n. agus fiosrófar lena linn ballraíocht na hÉireann san AE agus tiocfaidh sé le Toradh Foghlama 3.8 ó Shonraíocht an Staidéir Ghnó lena n-áirítear tagairtí do shochair shóisialta agus eacnamaíocha agus do dhúshláin ár mballraíochta araon.  Chun clárú don ócáid seo, cliceáil anseo.

 

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 07 December 2022


Táimid ag tnúth le bheith ag obair lenár gcomhghleacaithe Staidéar Gnó ar fud na tíre a mhúineann trí mheán na Gaeilge, inár laethanta cnuasaigh FGL 2022/23 ar líne, a mbeidh an chéad cheann acu ann Déardaoin 15 Nollaig. Is féidir teacht ar ár n-acmhainní FGL go léir, ina measc cuid 2022/23 ach cliceáil anseo.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 14 September 2022


Imeachtaí do do dhialann atá le Teacht:

Tosaíonn FGL dara hÁbhar ón 19 Meán Fómhair 2022

2022 Comhdháil Bhliantúil BSTAI Aoine & Sath, 7 & 8

Seachtain Imeachtaí Foghlama ar Líne D. Fómh ag tosú 24 Deireadh Fómhair 2022

Ceardlanna Cnuasaigh FGL ar Líne 2022/2023 do Staidéar Gnó 10 Samhain, 2022.

Seachtain Imeachtaí Foghlama ar Líne an Earraigh ag tosú 27 Márta, 2023.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

 

Dáta a Postáladh: 11 September 2022


D'fhoilsigh CNCM le déanaí na Socruithe Athbhreithnithe maidir le Measúnuithe Rangbhunaithe a Chur i gCrích don scoilbhliain 2022/23.  Tagraíonn an cháipéis seo do scoláirí atá sa Dara Bliain agus sa Tríú Bliain faoi láthair agus d'fhéadfadh sé a bheith ina dhíol spéise ag múinteoirí Staidéar Gnó.  Cliceáil anseo chun teacht ar an doiciméad seo.

 

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 01 September 2022


Fáilte ar ais ar scoil roimh gach múinteoir Staidéar Gnó.  Gach rath oraibh sa bhliain amach romhainn 2022/23.  Mar is gnách táimid anseo chun cabhrú le múinteoirí, mar sin má bhíonn aon cheist agat, seol iad chuig info@jct.ie  nó gabh chuig

https://jct.ie/leagangaeilge/business_studies/business_studies_ga agus féach ar na hacmhainní atá againn ar líne.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 17 November 2021


Tá an-áthas ar Fhoireann Staidéar Gnó SSM a fhógairt gur sheol muid inniu ár Sraith Podchraoltaí 'Oscailte don Ghnó’ ar an gcainéal Podchraoltaí 'Cainteanna na Sraithe Sóisearaí'. Beidh go leor cainteanna agus comhráite inár Sraith Podchraoltaí faoi gach rud a bhaineann le Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí, lena n-áirítear an chéad dá eipeasóid ina mbeidh CICT Éireann (an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí) agus an Clár Fiontraíochta Scoláirí. Is féidir le múinteoirí Staidéar Gnó éisteacht leis an dá eipeasóid ach cliceáil anseo (soundcloud anseo (spotify) no anseo.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 04 October 2021


Cúis lúcháire d’fhoireann Staidéar Gnó SSM a fhógairt go mbeidh roinnt seimineáir ghréasáin á n-óstáil againn mar chuid dár nImeachtaí Foghlama SSM ar Líne i bhFómhar 2021/22:

 

Fócas ar Sheimineár Gréasáin MRB 1

Beidh ár seimineár gréasáin Fócas ar MRB 1 ar siúl Dé Céadaoin 13ú  Deireadh Fómhair 2021 ó 5pm go 6:30pm.  Is féidir le múinteoirí Staidéar Gnó clárú don ócáid seo trí chliceáil anseo.

 

Seimineár Gréasáin Cheartas Airgeadais i Seomra Ranga an Staidéir Ghnó

Beidh ár seimineár gréasáin um Cheartas Airgeadais i Seomra Ranga an Staidéir Ghnó ar siúl Déardaoin 21ú  Deireadh Fómhair 2021 ó 7pm go 8:30pm.  Is féidir le múinteoirí Staidéar Gnó clárú don ócáid seo trí chliceáil  anseo.

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 01 September 2021


Socruithe measúnaithe don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht 2022.

Rinneadh na socruithe seo, a foilsíodh i mí na Nollag 2020, a nuashonrú agus is féidir iad a íoslódáil ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/dc07f-ardteistimeireacht-2022/#socruithe-measunachta-do-na-scruduithe-teastais-2022

Seans gur díol spéise ag múinteoirí Staidéar Gnó an doiciméad seo.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 07 October 2020


"Ag Tabhairt Aire don Ghnó" Oidí-le-Chéile ar Líne

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh Foireann Chomhlach Staidéar Gnó SSM ag óstáil imeacht beo Súmála Oidí-leChéile Déardaoin 15 Deireadh Fómhair 2020 ó 7pm go 8:15pm. Beidh sraith seomraí le haghaidh grúpaí beaga san imeacht seo agus is trí réamhchlárú docht amháin a cheadófar freastal. Is é 5pm Déardaoin 8 Deireadh Fómhair 2020 an spriocdháta chun clárú don imeacht seo. 'Táimid ag cur teorainn 150 múinteoir ar a mhéad leis an ócáid. 'Is ar bhonn gach duine mar a thagann a bheas an clárú. Sa chás go mbíonn ró-éileamh ar an Oidí-le-Chéile, cruthóimid liosta feithimh.

Féile Foghlama "Oscailte don Ghnó" Fóram Plé ar Líne

Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh fóram plé idirghníomhach ar líne á óstáil ag Foireann Staidéar Ghnó an SSM Dé Máirt 20 Deireadh Fómhair ó 5pm go 6:15pm. Ar an gclár oibre le haghaidh plé agus comhrá tá míreanna amhail Tuarascáil ar Luathachtú Staidéar Gnó an CNCM, Tuarascáil Phríomhscrúdaitheoir an CSS ar Scrúdú Staidéar Gnó SS, Acmhainní nua SSM don Staidéar Gnó, Fócas ar MRB 1 i gcomhthéacs reatha Covid-19 agus seisiún ceisteanna agus freagraí le maidhc oscailte. Eiseofar tuilleadh sonraí mar gheall ar an imeacht seo in am trátha.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 28 August 2021


Fáilte ar ais ar scoil roimh gach múinteoir Staidéar Gnó.  Gach rath oraibh sa bhliain amach romhainn.  Mar is gnách táimid anseo chun cabhrú le múinteoirí, mar sin má bhíonn aon cheist agat, seol iad chuig info@jct.ie  nó gabh chuig

https://jct.ie/leagangaeilge/business_studies/business_studies_ga agus féach ar na hacmhainní atá againn ar líne.

 

Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó

Dáta a Postáladh: 01 October 2020


Tá an CSS tar éis Tuarascáil Phríomhscrúdaitheoir an CSS a fhoilsiú ar Scrúdú Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí 2019. Is foinse luachmhar eolais í seo a mbeidh spéis ag gach múinteoir Staidéar Gnó inti. Ba chóir Tuarascáil an Phríomhscrúdaitheora a léamh i gcomhar leis an bPáipéar Scrúdaithe Scríofa agus leis na Scéimeanna Marcála a théann leis atá foilsithe chomh maith.

 Tá an tuarascáil le fáil anseo:

https://www.examinations.ie/?l=en&mc=en&sc=cr

 Tá Scrúdú 2019 agus an Scéim Mharcála  le fáil anseo:

https://www.examinations.ie/ exammaterialarchive/

 Míle buíochas agus le gach dea-ghuí, 

Foireann SSM an Staidéir Ghnó.

Dáta a Postáladh: 31 August 2020


Tá an CNCM agus an Roinn Oideachais agus Scileanna araon tar éis socruithe measúnaithe athbhreithnithe a fhoilsiú le déanaí a bhfuil baint ar leith acu le Staidéar Gnó. Déanann na doiciméid seo tagairt do laghdú ar líon na Measúnuithe Rangbhunaithe a bheas ar an gcohórt scoláirí 2018-2021 (.i. scoláirí tríú bliain 2020/21) a chur i gcrích agus do shíneadh a chuirfear leis an spriocdháta go dtí an chéad téarma den scoilbhliain 2020/21. Tagraíonn siad freisin don cheanglas a chealú faoinar gá do scoláirí a thugann faoi scrúduithe na sraithe sóisearaí in 2021 Tasc Measúnaithe a chur i gcrích.

Le haghaidh tuilleadh eolais, lean na naisc seo a leanas:

https://ncca.ie/media/4676/cncm_mrbs_chor%C3%B3irt_scol%C3%A1ir%C3%AD_2018-2021_ga.pdf

https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Eolas/Curaclaim-agus-Siollabas/socruithe-measunachta-do-na-scruduithe-teastais-2021.pdf

Beirigí bua agus beannacht

Foireann Staidéar Gnó SSM