Ní mór do scoláirí staidéar a dhéanamh ar an OSSP. Sonraítear in Imlitir 0015/2017 go gcaithfidh gach scoil ar a laghad 70 uair den OSSP a sholáthar thar an gcéad, an dara agus an tríú bliain.
Tá breac-chuntas ar na roghanna don OSSP le fáil sna Treoirlínte le haghaidh Folláine sa tSraith Shóisearach (CNCM 2017) mar seo a leanas:
- siollabas na Sraithe Sóisearaí don OSSP (1996)
- an tsonraíocht do Ghearrchúrsa na Sraithe Sóisearaí san Oideachas Saoránach Sóisialta agus Polaitiúil (2016)
Tabhair do d’aire nach mbeidh scrúdú an Teastais Shóisearaigh don OSSP atá ann faoi láthair ar fáil níos mó tar éis na scrúduithe stáit in 2019.
|