Teicneolaíochtaí

Grafaic - Ceardlanna FGL 2020/2021

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL Grafaic 2020/2021. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar ábhar, teachtaireachtaí agus pléphointí na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcabhair do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann i dTeicneolaíocht Adhmaid ar a gcnuaslá FGL 2020/2021, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Grafaic den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ina lá cnuasaigh 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hábhair.

 

Cé gur tugadh an cheardlann thar thrí sheisiún ar lá an chnuasaigh, roinn muid é sin ina dhá chuid níos giorra chun go mbeidh tú in ann plé leo ar líne. Tá forléargas curtha againn (i bhfoirm bhlurba) le gach sraith ábhar, rud a léiríonn croí-ábhar na gCumhachtphointí, físeán nó ábhar eile. Cuideoidh gach forléargas leat a fháil amach cad é a bhíonn i gceist leis an alt nó cén chuid ar mhaith leat athchuairt a thabhairt uirthi san am atá agat.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Logaí Foghlama

Tá dhá loga foghlama forbartha chun cabhrú le FGL Grafaice 2020/2021. Tá an leagan digiteach hipearnasctha leis na hacmhainní tacaíochta go léir agus leis an gcáipéisíocht ábhartha. Tá an leagan clóite deartha chun ligean do mhúinteoirí tabhairt faoi ghníomhaíochtaí agus faoi chleachtas machnaimh i rith an lae.

Cur i Láthair Rannán 1 agus Tacaí

Scrúdaíonn Cur i láthair Rannán 1 Measúnuithe Rangbhunaithe agus forbairt incriminteach scileanna sa Ghrafaic le linn thuras foghlama an scoláire.

Cur i Láthair Rannán 2 agus Tacaí

Scrúdaíonn Cur i láthair Rannán 2 measúnú leanúnach chun cabhrú le gach foghlaimeoir agus aonad samplach foghlama. Tugtar deis do mhúinteoirí dul i ngleic le conairí féintreoraithe (féach an rannán thíos le haghaidh tuilleadh sonraí). Tugtar an t-eolas is déanaí ar na measúnuithe deiridh i nGrafaic na Sraithe Sóisearaí.

Conairí Féintreoraithe

Le haghaidh seisiún tráthnóna an FGL, tugtar am do mhúinteoirí tabhairt faoi cheann de na conairí seo a leanas:

 

1. Pleanálaí Digiteach Excel, leathanach 7

2. Cláir Foghlama Leibhéal 2 (CFL2nna) a Nascadh, leathanach 34

3. Tacaí do Scoláirí: Mo Thuras Céimseata & Mo Threoir Dhearaidh, leathanach 35

4. MRB 1 - Cumarsáid a dhéanamh trí sceitseáil, leathanach 36

5. Tacaí DRC: Onshape agus Tinkercad, leathanach 37

 

Faightear rochtain orthu sin tríd an loga foghlama ar dheis.