Teicneolaíochtaí

Innealtóireacht - Ceardlanna FGL 2020/2021

Tá fáilte mhór romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hábhair do Lá FGL 2020/2021 na hInnealtóireachta. Tá sé i gceist leis an Treoir seo forléargas a thabhairt ar ábhar, teachtaireachtaí agus pléphointí na n-ábhar FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar bhall de ghrúpa múinteoirí nó de Roinn Ábhair. Beidh na hábhair ina gcuidiú do mhúinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann san Innealtóireacht ar a gcnuaslá FGL 2020/2021, do mhúinteoirí nua-cháilithe nó do mhúinteoirí atá ag múineadh Innealtóireacht den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim sna hábhair freisin ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ina gcnuaslá 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh orthu.

 

Bhí an cheardlann ar siúl thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá, agus roinn muid é sin ina trí chuid níos giorra chun go mbeidh tú in ann dul i ngleic leo ar líne. Tá forléargas curtha againn (i bhfoirm bhlurba) le gach sraith ábhar, rud a léiríonn croí-ábhar na gCumhachtphointí, físeán nó ábhar eile. Cuideoidh gach forléargas leat a fháil amach cad é atá i gceist leis an alt nó cén chuid ar mhaith leat athchuairt a thabhairt uirthi san am atá ar fáil duit.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Loga Foghlama

Tá an loga foghlama ar fáil ar thaobh na láimhe deise den téacs seo. Cliceáil chun an loga foghlama a fheiceáil nó a íoslódáil. Beidh ar mhúinteoirí cóip den loga foghlama a íoslódáil roimh pháirt a ghlacadh sa cheardlann. Molaimid do mhúinteoirí an loga foghlama a phriontáil agus nótaí a scríobh isteach de réir mar a théann siad ar aghaidh trí na gníomhaíochtaí. Is féidir dul chuig físeáin tacaíochta sa loga foghlama trí na cóid MF trí aip an cheamara ar ghléas soghluaiste amhail fón nó táibléad. Is féidir teacht ar na físeáin freisin trí chliceáil ar na cóid MF go díreach i gcóip dhigiteach den loga foghlama.

Cur i láthair

Bhí an cheardlann ar siúl thar thrí sheisiún ar an gcnuaslá. Táimid tar éis an cur i láthair Cumhachtphointe a roinnt ina 3 chuid chun go mbeidh tú in ann plé leo ar líne. Seo a leanas forléargas ar gach cur i láthair:

Cur i láthair 1 - Scrúdaíonn sé Meicitreonaic san Innealtóireacht agus cabhraíonn sé le múinteoirí agus iad ag plé le réiteach fadhbanna ag baint úsáid as bogearraí ríomhaireachta.

Cur i Láthair 2 - Fiosraíonn sé Teagasc agus Foghlaim san Innealtóireacht, straitéisí chun cabhrú le scoláirí scileanna taighde a fhorbairt, agus Measúnú Rangbhunaithe 2: Taighde agus Forbairt.

Cur i láthair 3 - Breithníonn sé conas is féidir linn scoláirí a chur i mbun 'Smaointeoireacht Chóras' sa Mheicitreonaic ag baint úsáid as próiseas dearaidh.

Acmhainn Teagaisc agus Foghlama Mheicitreonaice agus Léaráid den Sreangú

Seoladh an bhileog threorach ar thaobh na láimhe deise den téacs seo roimh ré chuig múinteoirí i scoileanna a chláraigh don cheardlann chnuasaigh in Earrach 2021. Seoladh í le hAcmhainn Teagaisc agus Foghlama Mheicitreonaice. Leagtar amach sa bhileog threorach na comhpháirteanna a theastaíonn don cheardlann, agus conas gach comhpháirt a chumrú don chlár Róbataice Ilfheidhme, mar ullmhúchán do na modúil go léir sa cheardlann. Luaitear teideal gach modúil sa bhileog threorach. Tabhair faoi deara: Beidh ar mhúinteoirí úsáid a bhaint as na fearais atá ann cheana féin a seoladh chuig an scoil roimhe seo chun páirt a ghlacadh sa cheardlann. Is acmhainn bhreise é an físeán chun cabhrú le múinteoirí an clár a chumrú i gcomhar leis an mbileog threorach. Aithníonn sé na comhpháirteanna is gá do gach modúl, agus cumraíocht na gcomhpháirteanna ar an gclár Róbataice Ilfheidhme.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm