Eacnamaíocht Bhaile

Ceardlann FGL 2020/2021

Ceardlann FGL 2020/2021

Tá fáilte is fiche romhat chuig an Treoir ghairid seo maidir leis na hacmhainní do Lá FGL Eacnamaíocht Bhaile 2020/2021. Tá sé i gceist leis an Treoir seo léargas ginearálta a thabhairt ar theachtaireachtaí agus ar phléphointí na ceardlainne FGL agus tú ag plé leo mar dhuine aonair, mar ghrúpa múinteoirí nó mar Roinn Ábhair. Beidh an t-ábhar ina chabhair ag múinteoirí nach raibh in ann freastal ar an gceardlann Eacnamaíocht Bhaile ar a gcnuaslá FGL in 2020/2021, ag múinteoirí nuacháilithe nó ag múinteoirí atá ag múineadh Eacnamaíocht Bhaile den chéad uair sa tSraith Shóisearach. Beidh suim san ábhar tacaíochta seo freisin ag múinteoirí a d'fhreastail ar an gceardlann FGL ar a gcnuaslá in 2020/2021 agus ar mhaith leo athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní.

 

Tá an lá FGL roinnte againn i dtrí chuid níos giorra chun dul i ngleic leo ar líne. Tá forléargas curtha againn (i bhfoirm blurba) le gach cuid a léiríonn croí-ábhar na sleamhnán (sa chur i láthair), na bhfíseán nó na n-acmhainní eile. Cabhróidh gach forléargas leat an méid atá i gceist leis an gcuid sin a aithint nó cén chuid ar mhaith leat athbhreithniú a dhéanamh uirthi san am atá ar fáil agat.

Réamhrá do FGL 2020/2021

Seo thíos na sleamhnáin den chur i láthair agus na hacmhainní gaolmhara do cheardlann Lá FGL Eacnamaíocht Bhaile 2020/2021. Seo físeán agus doiciméad idirghníomhach PDF chun tú a threorú.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Leabhrán

Seo an leabhrán don Cheardlann FGL ar líne 2020/2021. B’fhiú an leabhrán a íoslódáil agus a phriontáil. Tabharfaidh sé seo deis duit nótaí a dhéanamh agus dul i ngleic le roinnt ceisteanna machnaimh.