Baile

Acmhainní 2019/2020 don Dara hÁbhar Teagaisc

Mar thoradh ar shrianta mar gheall ar Covid-19, an cur isteach ar oscailt scoileanna ag tús na scoilbhliana 2020/2021 agus an tréimhse fhada dúnta scoile ó Mhí an Mhárta 2020, rud a ba chúis le caillteanas mór am teagmhála ranga, níl SSM in ann ceardlanna FGL duine le duine don dara habhar teagaisc a thairiscint i mbliana i rith na tréimhse Meán Fómhair / Deireadh Fómhair 2020.

 

Ina áit sin, d'oibrigh muid go dian chun ár gceardlanna ábhair 2019/2020 a atheagrú lena gcur in oiriúint do rannpháirtíocht ar líne ag múinteoirí. Dá bhrí sin, tá gach ceardlann ábhair FGL a éascaíodh le linn 2019 / 2020, uaslódáilte ar ár láithreán gréasáin (www.jct.ie)

  

Tá liosta comhthiomsaithe de na ceardlanna le fáil ar an leathanach seo agus tá na ceardlanna ar fáil freisin i leathanaigh ábhar aonair ar an láithreán gréasáin seo. Tá múinteoirí a bhíonn ag teagasc an dara hábhair, agus nach raibh in ann freastal ar cheardlann san ábhar sin le linn 2019 / 2020, in ann teacht ar na cuir i láthair agus ar na hábhair ábhartha ar líne. Tá súil againn freisin go mbeidh na háiseanna athmhúnlaithe seo mar thaca ag gach múinteoir amach anseo

 

Achoimre ar Acmhainní don Dara hÁbhar Teagaisc 2019/2020 anseo...