Stair

Ceardlann FGL 2020/2021

Seo thíos na hábhair agus na tacaí agus na hacmhainní gaolmhara don lá FGL sainiúil don Ábhar in 2020/21. Tugann treoir físe agus achoimre forléargas ar an inneachar, na teachtaireachtaí  agus na pointí plé ag tús gach seisiúin.

Ábhair Thacaíochta
Seisiún 1: Deiseanna Measúnaithe

I seisiún a haon, breithnímid conas is féidir lenár gcur chuige i leith an teagaisc agus na foghlama cabhrú le scoláirí dul i ngleic le haidhmeanna Shonraíocht Staire na Sraithe Sóisearaí thar thrí bliana. Scrúdaímid an déchur chuige maidir le measúnú agus glacaimid an deis chun a fháil amach conas atá páipéar samplach CSS ailínithe ar an gcaoi chéanna le heolas, tuiscint, scileanna agus luachanna na dtorthaí foghlama sa tsonraíocht Staire. Is féidir teacht ar rogha tacaí nuair a chliceálann tú ar íomhá an Padlet ag barr an leathanaigh ghréasáin seo ar Sheisiún a haon.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún 2: Measúnuithe Ceardaíochta

I seisiún a dó, tógaimid ar an bhfoghlaim ó sheisiún a haon chun ár scileanna a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar scoláirí Staire na Sraithe Sóisearaí. Breithnímid tosca le cuimhneamh orthu agus foinsí stairiúla á roghnú chun measúnuithe éifeachtacha a dhearadh. Is féidir rochtain a fháil ar réimse tacaí deartha de chuid SSM nuair a chliceálann tú ar íomhá an Padlet ag barr leathanach an tsuímh ghréasáin ar Sheisiún a dó.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm
Seisiún 3: Iniúchadh a dhéanamh ar an acmhainneacht atá ag "Pobail Chleachtais"

Fiosraímid luach na bpobal comhoibríoch i Stair na Sraithe Sóisearaí trí thacaí do mhúinteoirí a chomhchruthú agus tugann trí fhíseán léargas ar chuspóir agus ar chineálacha na bpobal cleachtais. Beidh deis agat machnamh a dhéanamh ar chásanna éagsúla teagaisc agus foghlama ó Stair na Sraithe Sóisearaí agus conas is féidir le pobal cleachtais cabhrú le do rannpháirtíocht leis na cineálacha cásanna sin i do sheomra ranga. Tá réimse tacaí de chuid SSM ar fáil nuair a chliceálann tú ar íomhá an Padlet ag barr leathanach an tsuímh ghréasáin faoi Sheisiún a trí.

Cineál comhaid: YouTube
Cliceáil ar an íomhá chun seinm