Gaeilge

Nuacht/Imeachtaí

An nuacht is déanaí

Dáta a Postáladh: 29 May 2023


Tarraingítear d’aird ar imlitir 0028/2023 ‘Socruithe le haghaidh Chur Chun Feidhme an Chreata don tSraith Shóisearach le tagairt ar leith don scoilbhliain 2023/24’. Tuilleadh eolais anseo: https://tinyurl.com/2p8zp7nr

Dáta a Postáladh: 19 May 2023


Cuireann CNCM fáilte roimh léiriú spéise ó mhúinteoirí Gaeilge iar-bhunscoile ar mhaith leo a bheith páirteach san athbhreithniú ar liostaí litríochta do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2. Beidh an obair seo ar siúl ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair 2023. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí Gaeilge iar-bhunscoile a chomhlíonann na critéir seo a leanas ar fad:
·       fostaithe sa scoil chéanna ar feadh 3 bliana ar a laghad. 
·       taithí a bheith acu ar Ghaeilge T1 agus/nó T2 na Sraithe Sóisearaí a mhúineadh.
·       tiomantas a thabhairt freastal ar shraith cruinnithe idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair 2023.
Más spéis leat a bheith páirteach san obair seo, comhlánaigh an fhoirm léirithe spéise atá ceangailte faoi 5 i.n. Déardaoin 25 Bealtaine. Déanfar roghnúcháin bunaithe ar thaithí ar mhúineadh Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí agus ar theagasc agus/nó taighde ábhartha eile sa litríocht. Chomh maith leis na critéir thuas, déanfar machnamh ar chomhthéacs scoile an iarratasóra. Roghnófar deichniúr múinteoirí (5 T1, 5 T2) chun an grúpa oibre a bhunú. Tá tuilleadh eolais agus an fhoirm léirithe spéise ar fáil ag an nasc seo

Dáta a Postáladh: 06 March 2023


Tá imlitir 0015/2023 eisithe ag an Roinn Oideachais dar teideal ‘Leasuithe ar shonraíochtaí Gaeilge T1 agus T2 na Sraithe Sóisearaí agus socruithe measúnaithe do Mheasúnuithe Rangbhunaithe 1 agus 2 (Do chohóirt scoláirí 2022/25 agus 2023/26)’. Tá an imlitir ar fáil ag an nasc seo: https://tinyurl.com/y6rmw3dp 

Dáta a Postáladh: 08 March 2023


Straitéisí Múinteoireachta á Roinnt
Am: 17:00 - 18:00 Dáta: Dé Máirt 28/03/2023

Ócáid ar líne í seo atá dírithe ar thaithí agus ar chleachtas ranga an mhúinteora. Léireoidh múinteoirí straitéisí éifeachtacha óna gcleachtais ranga. Beidh deis ag rannpháirtithe na straitéisí a phlé.

Chun clárú don cheardlann cliceáil anseo: Clárúchán

Chun breathnú ar an bpóstaer cliceáil anseo: Póstaer

Dáta a Postáladh: 13 January 2023


Tá comhairliúchán poiblí ar siúl ag an Roinn Oideachais faoi láthair chun polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt. Tá ceistneoir ar líne agus aighneachtaí scríofa mar chuid de thréimhse a haon den chomhairliúchán. Ba é an spriocdháta a bhí luaite leis na ceistneoirí agus leis na haighneachtaí scríofa ná 16 Eanáir 2023. Mar thoradh ar iarratais ó pháirtithe leasmhara, rinneadh cinneadh síneadh a chur leis an spriocdháta d’aighneachtaí scríofa go dtí Dé Luain, 30 Eanáir 2023. Is féidir aighneachtaí scríofa a sheoladh chuig POLG@education.gov.ie. Beidh Dé Luain seo chugainn, 16 Eanáir 2023 fós mar spriocdháta do fhreagraí ar an gceistneoir. Comhlánaigh ceistneoir ar líne anseo

Dátaí tábhachtacha amach anseo:

Spriocdháta don cheistneoir – Dé Luain, 16 Eanáir 2023

Spriocdháta d’aighneachtaí scríofa – Dé Luain, 30 Eanáir 2023

Níos mó eolais ar fáil anseo.

Dáta a Postáladh: 12 October 2022


Tá an Tionól Teagaisc ag teannadh linn! Comhghairdeas lenár gcomhghleacaithe SFGM Gaeilge as an ócáid bhreá a sholáthar do mhúinteoirí Gaeilge na tíre. Beidh Foireann Ghaeilge SSM ann chomh maith. Táimid ag tnúth go mór le castáil oraibh ann. Is féidir clárú anseo

Dáta a Postáladh: 19 September 2022


D’eisigh an Roinn Oideachais Socruithe Measúnachta do na Scrúduithe Teastais sa tseachtain dar tús 5 Meán Fómhair. Tugann an doiciméad seo cur síos ar an treoir atá ar fáil do gach ábhar do scoileanna agus do scoláirí. Léirítear nach ndéanfar an Tasc Measúnaithe a mheas mar ghné mheasúnaithe do scoláirí sa tríú bliain reatha (2022/2023). Cuirtear in iúl chomh maith go bhféadfadh éagsúlacht a bheith in ábhar agus leagan amach na scrúdpháipéar ó bhliain go bliain.

Dáta a Postáladh: 14 September 2022


Tá dátaí agus socruithe athbhreithnithe maidir leis na Measúnuithe Rangbhunaithe don chohórt scoláirí sa tríú bliain reatha (2022/2023) foilsithe ag CNCM. Ar fáil anseo.

Liosta seachadta Gaeilge